http://www.milonic.com/ test
 
 

IrishAbroad.com is a global Irish community and social networking website with over 207,000 members. The site is for Irish expats, descendants and any person  wishing to travel to Ireland. Here, you will find news and information, community and friendship.

 
 
 
 
 

Siúlach Scéalach

le Sharon Ní Chonchúir

Sula dtosnaím, teastaíonn uaim rud éigin a chur in iúil. Gach seachtain, sa cholún seo, roghnaím ábhar faoi leith — ábhar suimiúil, conspóideach, nó spreagúil — agus tugaim mo thuairim ar.

Anois, ní hé seo le rá gur saineolaí mé. Tá a fhios agamsa go bhfuilim óg agus go bhfuil go leor fós le foghlaim agam. Ach, mar sin féin, ceapaim go bhfuil sé de cheart agamsa, maraon le gach éinne eile, mo thuairimí féin a bheith agam.

Theastaigh uaim é seo a rá mar go dteastaíonn uaim labhairt faoi na buamaí uafásacha a phléasc i Londain ar an 7ú lá d’Iúil — lá brónach agus scanrúil i stair na cathrach. Tuigim gur ábhar mothálach é seo agus go bhfuil go leor daoine faoi chiach dá bharr. Teastaíonn uaim mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúil do ghach aon duine acu.

Caithfidh gur chur scéal na buamaí droch chuimhní i gcuimhne d’Éireannaigh Londain. Blianta ó shin, nuair a phléasc buama i Londain, ní ar Al-Qaeda a cuireadh an milleán ach ar sceimhlitheoirí Éireannacha — an IRA.

Buíochas le Dia, ní thárlaíonn a leithéid a thuilleadh. Tá ag éirí leis an bpróiséas síochána sa Tuaisceart go dtí seo agus tá súil ag gach éinne gur i bhfeabhas a rachaidh sé.

Táim cinnte go gcuimhníonn gach Éireannach a bhí ag marachtaint i Sasna ins na Seachtódaí agus na h-Ochtódaí — ré an t-IRA — ar na laethanta sin. Bhí droch iontaoibh ag Sasnaigh as gach Éireannach. Chomh luath agus a chuala siad an blas Éireannach, bhí eagla orthu agus chasadar ina coinne.

Bhí sé deacair ar Éireannaigh post a fháil. Is minic nár glacadh leo mar thionóntaí in árasáin na cathrach. Agus is minic freisin go raibh ar go leor díobh turas a thabhairt ar na gardaí chun ceisteanna a fhreagairt, cé nach raibh aon ní mí-chóir déanta acu.

Bhí sé seo cruaidh ar Éireannaigh. Bhí orthu teacht go Londain mar nach raibh aon seans acu saol compórdach a bheith acu ag abaile. Agus, nuair a shroich siad Londain, go minic ní raibh rompu ach doicheall. Ní raibh an dara rogha acu ach cur suas leis agus a ndícheall a dhéanamh fanacht amach ó aon ní a tharraingeodh amhras orthu.

Inniu, níl éinne in amhras faoi Éireannaigh. Tá sceimhlitheoirí nua ar an bhfód. Is cinnte gur ceart dúinn go léir eagla a bheith orainn rompu. Ba cheart dúinn freisin gach iarracht a dhéanamh cabhrú leis na bpóílíní breith orthu agus iad a chur i bpriosún.

Ach, tá rud amháin nár cheart dúinn a dhéanamh agus is é sin gach aon Musalmach a chur in amhras mar a rinneadh le Éireannaigh.

Feicim go bhfuil sé fuirist a bheith amhrasach faoi Musalmaigh. Caithfear a admháil nach bhfuil mórán teangbháil ag daoine den chine bán le daoine den chine gorm. Is é seo an chéad constaic atá eadrainn.

Freisin, níl mórán tuiscint againne ar a gcreideamh. Feicimíd go gcaitheann siad éadaí deifriúla. Feicimíd go ndeireann siad paidreacha go minic. Bíonn scéalta fúthu sna nuachtáin a chuireann eagla orainn.

Is cinnte go bhfuil mórán deifríochtaí eadrainn ach ba chóir dúinne mar Éireannaigh cuimhneamh ar na cosúlachtaí atá i gcoiteann againn. Is sliocht imircigh iad na daoine seo maraon linn féin. Thosaigh siad ag teacht go Sasna blianta fada ó shin mar nach raibh aon rud dóibh ag abaile, díreach cosúil linn féin. Cuireadh ina coinne mar nach raibh an teanga agus an creideamh céanna acu – cosúil le Éireannaigh an t-aois seo caite.

Anois, ceaptar go bhfuil cuid díobh ag scéiméireacht in aghaidh an Stát agus fiú in aghaidh an daonlathais. Caithfear breith ar na daoine seo agus iad a thabhairt chun láimhe.

Má chaithtear leo mar a caitheadh le Éireannaigh na Seachtódaí agus na h-Ochtódaí, botún mór a bheidh ann. Má ionsaíotar a gcuid moscanna agus má chuireann na póilíní brú ar dhaoine neamhchiontacha, casfaidh a thuilleadh díobh in aghaidh an Stát agus beidh a thuilleadh troiblóide againn amach anseo.

Is mar seo a chruthaíotar sceimhlitheoirí. Ní theastaíonn uainn a thuilleadh díobh a bheith inár measc.

Ba cheart do gach aon duine againn ceacht a fhoghlaim ónar stair féin. Déanadh géarleanúint orainn fada go leor. Ní chóir dúinn a leithéid de phíonós a ghearradh ar dhaoine eile. Muna ndéanfaimíd amhlaidh, ní thiocfaidh ach a thuilleadh dorchadas agus duáilceas as.

Gluais:
ábhar topic, subject
spreagúil inspiring
saineolaí expert
maraon like
buama/í bomb/s
pléasc explode
mothálach sensitive
faoi chiach grief-stricken
sceimhlitheoir/í terrorist/s
próiséas síochána peace process
droch iontaibh distrust
amhras
suspicion
póílíní
police
musalmach Muslim
constaic obstacle
creideamh religion, belief
mosc
mosque
géarleanúint persecution
dorchadas darkness
duáilceas despair

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 © IrishAbroad.com 2008
About Us | Site Map | Terms of Service | Privacy Policy | Membership Terms
Contact Us | FAQs | Advertising | Add To My Site | Don't forget to bookmark us! (CTRL-D)