Siúlach
Scéalach
le Sharon Ní Chonchúir Is annamh a fhaighim seans turas a thabhairt ar chathair Bhaile Átha Cliaith. Go ró mhinic, bíonn an iomarca oibre le déanamh agam ag abaile agus, rud nach dtuigeann go leor daoine nach iriseoirí iad, bíonn ana chuid oibre le déanamh ag an t-iriseoir ag an ndeireadh seachtaine — mo ghraidhin sinn!
Mar sin, nuair a thugaim turas ar an gcathair ársa seo, mar ar thug an tseachtain seo caite, bainim ana thairbhe as agus, níos a thábhachtaí, tugaim gach aon ní faoi ndeara.
Bhí gné éagsúil ag baint leis an dturas seo ar Bhaile Átha Cliaith. Is Sasnach é mo stócach álainn agus ba é seo a chéad turas ar phríomh chathair na hÉireann. Bheartaigh mé ar iarracht dáiríre a dhéanamh ar fhíor léargas ar an gcathair a thabhairt dó.
Roghnaigh mé teach ósta i gCearnóg Pharnell, in aice le Áiléar Hugh Lane, le amharclann an Gate agus leis an nGáirdín Cuimhneacháin.
Is ceantar suimiúil é an ceantar seo. Tá rian na staire le feiscint i ngach áit agus go leor sean fhoirgnimh go bhfuil scéalta stairiúla ag baint leo.
Freisin, tá meascán sa cheantar idir Baile Átha Cliaith nua-aimseartha agus an Baile Átha Cliaith atá ag éalú uainn.
Ar thaobh amháin, tá na siopaí idirnáisiúnta agus na tithe ósta galánta atá le fáil i ngach aon cathair ar fuaid an domhain agus tá daoine ó gach chine ar domhan le feiscint ar na sráideanna.
Ach, ar an dtaobh eile, tá gnáth tithe beaga Bhaile Átha Cliaith taobh leis na tithe ósta móra seo agus tá mná Moore Street ag díol a chuid earraí mar a rinne na glúinte rompu le blianta fada anuas. Cuireann sé gliondar ar mo chroí mná a chlos ag béiceadh “five for a euro” i mblas follasach tuaisceart Bhaile Átha Cliaith. Ní raibh mo stócach soineanta ag súil lena leithéid agus chuir sé iontas air.
Le déanaí, tá go leor scéalta sa nuacht faoi an bhforéigean, go mórmhór na dúnmharaithe go léir, atá ag tárlú sa phríomh chathair go laethiúil.
Mar thoradh ar seo, cheap mé go mbeadh eagla orm ar shráideanna Bhaile Átha Cliaith.
Ach, mar a thárlaíonn go minic, is dóigh liom gur rinne na meáin áibhéil ar an scéal. Gan dabht, tá níos mó seans go n-ionsófar tú i mBaile Átha Cliaith ná mar atá go ndéanfar amhlaidh sa Daingean.
Ach, mo léir, caithfear a admháil gur mar seo atá ar fuaid an domhain. Ní raibh fadhb ar bith ag mo stócach agus mé féin. A mhalairt ar fad; bhí gach duine a casadh orainn cáirdiúíl, oscailte agus ullamh cabhair agus cúnamh a thabhairt dúinn.
Rud amháin a chur brón orm ná méid na daoine gan dídean a bhí le feiscint ar na sráideanna. Casadh cailín amháin orainn nach bhféadfadh a bheith ach cúig bliana déag ar a mhéid. Ghoill a chás orainn. Thugamar airgead di agus chuireamar ceisteanna uirthi faoi conas ar thárla go raibh sí ina aonar ag lorg déirce.
Thosaigh sí ag gol agus thugamar cuireadh di teacht linn chun cupán tae a ól. Bhailigh sí a bhalcaisí ach roimh a raibh seans aici teacht linn, do rith fear a bhí sna ficheadaí suas chuichi, do rug sé ar a lámh agus d’órdaigh sé di teacht leis. Chas sí tímpeall chughainn agus dúirt sí go gcaithfeadh sí imeacht. Sara raibh seans againn aon rud a rá, bhíodar imithe. N’fheadar cad ar thárla di.
Ach, b’shin é an t-aon eachtra diúltach ar thárla i rith an turas go léir. Caithfidh mé a rá, agus nílim ag iarraidh a thuilleadh turasóirí a mhealladh go Baile Átha Cliaith, gur bhain mé fíor taithneamh as an dturas. Agus cheap mo ghrá geal gurb iontach an chathair í Baile Átha Cliaith. Tá sé ag súil leis an chéad turas eile.
Maidir leis an nGaeilge, tá níos mó de le clos ar na sráideanna ná riamh cheana le mo chuimhne.
Don chéad uair leis na céadta bliain, is féidir a rá gur teanga cathrach í an Ghaeilge. Tá áiteanna ar fuaid Bhaile Átha Cliaith inar í an Ghaeilge an príomh teanga a labhartar. Eagraíotar ócáidí sóisialta ar bhonn rialta ina mbailíonn daoine le chéile chun sult a bhaint as an saol agus an Ghaeilge a labhairt le chéile. Is réabhlóid í seo agus is cúis céiliúradh é.
Deireann ana chuid daoine go bhfuil Baile Átha Cliaith deifriúil ón gcuid eile den dtír. Aontaím leo, tá pearsantacht éagsúil aici. Ach, mar sin féin, is cathair Gaelach í agus ba cheart go mbeadh gach Éireannach brodúil aisti.
Gluais:
| an iomarca |
too much |
iriseoir
|
journalist |
| mo ghraidhin sinn |
poor us! |
| tabhair faoi ndeara |
to notice |
| stócach |
boyfriend |
| áiléar |
gallery |
| nua-aimseartha |
modern |
| soineanta |
innocent |
| foréigean |
violence |
| dúnmharú |
murder |
| áibhéil |
exaggeration |
| daoine gan dídean |
homeless people |
| ag lorg déirce |
begging |
| ag gol |
crying |
|