| Siúlach
Scéalach le Sharon Ní Chonchúir
Focal dainséarach is ea é an focal náisiúnachas.
Is é is cúis leis na mílte coimhlintí ar fuaid
an domhain. Is mar sin a bhí againn anseo in Éirinn ar feadh
na céadta bliain. Agus, gan dabht, is mar sin atá go fóill
i dtuaisceart na tíre.
Cuimhnigh siar sa stair — Wolfe Tone i 1798, Robert Emmet i 1803,
Pádraig Mac Piarais agus a chomhpháirtithe i 1916 agus go
leor eile mar iad — tá stair corraithe ag an dtír
seo againne agus is é an náisiúnachas, nó
an iarracht neamhspleáchas a ghnóthú, is cúis
leis.
Le blianta beaga anuas, rinneadh dearmad ar an náisiúnachas
céanna. Anseo, i ndeisceart na tíre, áit go bhfuil
poblacht dár gcuid féin againn, bhí an rialtas —
agus formhór de mhuintir na tíre — ró thógtha
ag iarraidh feabhas a chur ar shaol shóisialta agus eacnamaíochta
na hÉireann chun mórán ama a chaitheamh le náisiúnachas.
Bhí ár neamhspleáchas buaite againn, cibé
a bhí ag tárlúint i dtuaisceart na tíre.
Freisin, níor theastaigh ó pholaiteoirí an deiscirt
an scéal a dhéanamh níos measa ó thuaidh.
Bhí a dhóthain trioblóid sa tuaisceart gan a thuilleadh
a chothú sa dheisceart. Mar sin, go caoithiúil, cuireadh
an náisiúnachas ar leataobh.
Ach anois, tá gá leis arís. I mbliana, ar an seachtú
lá déag d’Aibreán — Luan Cásca
— beidh comóradh againn ar Éirí Amach 1916
i mBaile Átha Cliaith. Comóradh 90 bliain a bheidh ann,
an chéad comóradh ó cuireadh an comóradh deireanach
ar ceal i dtús na seachtódaí.
Mórshiúl míleata a bheidh ann. Beidh suas le 2,500
saighdiúir ar Shráid Uí Chonaill. Beidh eitleáin
sa spéir. Beidh báid an chabhlaigh ar an abhainn. Léifear
Fógra an Neamhspleáchais ós comhair Oifig an Phoist.
Agus tá sé ráite go mbeidh gárda onórach
ar dhíon na h-oifige.
Cad chuige é seo ar fad? Conas go bhfuilimíd ag céiliúradh
an Éirí Amach i mbliana nuair nach raibh aon chomóradh
againn le tríocha bliain?
Tá cúiseanna faoi leith leis. Ceapann daoine áirithe,
mór tráchtairí na tíre ina measc, go bhfuil
Fianna Fáil ag iarraidh an lámh in uachtair a fháil
ar Shinn Féin.
Go traidisiúnta, i ndeisceart na hÉireann, b’iad Fianna
Fáil an páirtí a chothaigh spiorad na náisiúnaithe
réabhlóideacha. B’é Éamon de Valera
a bhunaigh an páirtí — an fear céanna a throid
in Oifig an Phoist Shráid Uí Chonaill agus é ina
fhear óg. Ach, le déanaí, le fás Shinn Féin,
bhí an baol ann go ngoidfí an teideal sin uatha.
Ní theastaíonn ó Bhertie Ahern go dtárlódh
a leithéid. Teastaíonn uaidh a chur in iúil do mhuintir
na hÉireann gur náisiúnaithe iad lucht Fianna Fáil
maraon le Gerry Adams agus Martin McGuiness. Sin é an fáth
go bhfuil siad ag eagrú an comóradh sonrach seo.
I mo thuairimse, níl anseo ach iarracht eile a thuilleadh vótaí
a ghoid ar ais ó Shinn Féin. Beidh olltoghchán againn
sara fada agus teastaíonn ó Fhianna Fáil é
a bhuachtaint.
Ba cheart a thuilleadh díospóireacht a bheith againn faoin
ábhar. Is cinnte gur féidir fréamhacha Shinn Féin
a leanúint siar chomh fada le Éirí Amach 1916 agus
mar sin is féidir a rá go seasann siad ar son shainmhíniú
amháin don náisiúnachas Éireannach.
Ach is féidir an rud céanna a rá faoi gach aon pháirtí
— Fianna Fáil, Fine Gael agus araile. Níl sé
ceart nó cóir go mbeadh an náisiúnachas Éireannaí
i seilbh aon pháirtí amháin. Is rud comónta
é.
Tá daoine áirithe ag rá nár chóir an
Éirí Amach a chomóradh in aon chor mar nár
éirigh leis go fóill. Deireann siad nach féidir an
íobairt a rinne Pádraig Mac Piarais ar son neamhspleáchas
na hÉireann a chomóradh go dtí go mbeidh neamhspleáchas
ag an dtír ina h-iomláine. Ceapann siad gur masla é
an Éirí Amach a chéiliúradh agus tuaisceart
na tíre fós faoi stiúir an Bhreatain.
Ceapaim féin go gcaithfear glacadh le staid an Tuaiscirt. Ní
h-é sin le rá gur gá glacadh leis an dtroid agus
an t-achrann. A mhalairt, caithfear gach iarracht a dhéanamh deireadh
a chur leis an gcoimhlint agus síochán a bhuanú.
Ní fios dúinn an mbeidh Éire aontaithe riamh arís.
Tá gach seans ann nach mbeidh. Mar sin, caithfimíd go léir
bogadh ar aghaidh agus leas ceart a bhaint as an dtír atá
againn.
B’fhéidir gur chóir an Éirí Amach a
chéiliúradh. Is data tábhachtach é i stair
na tíre. Ach, dá mbeinnse in áit na polaiteoirí,
bheinn ag déanamh tréan iarracht comóradh a eagrú
a chéiliúradh stair na tíre mar a bhí chomh
maith le staid na tíre mar atá. Ní leor mórshiúl
míleata chun é sin a dhéanamh. |